Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Dia dhaoibh. Is mise Ciara. Táim i mo chónaí i mbungaló faoin tuath. Tá an teach suite ar bhóithrín ciúin. Is aoibhinn liom é anseo.
Tá deich seomra sa teach. Tá trí sheomra leapa, seomra suí, cistin, seomra fóntais, seomra bia, oifig agus dhá sheomra folctha ann.
Is é an seomra suí an seomra is fearr liom. Taitníonn sé liom mar tá sé mór agus fairsing. Tá fuinneog mhór sa seomra agus tá radharc álainn ar na sléibhte uaithi.
Tá tinteán mór againn agus lasaimid tinte móra ann sa gheimhreadh. Tá scáthán agus matal os cionn an tinteáin. Tá teilifís in aice leis. Tá bord caife i lár an tseomra. Tá cathaoir uilleach chompordach sa chúinne. Tá tolg mór compordach in aice leis. Tá ruga dearg ar an urlár. Tá leabhragán in aghaidh an bhalla agus tá go leor leabhar air.
h. Tá gairdín mór againn agus fásaimid glasraí ann. ainn agus fásaimid glasraí ann.
Ábhar Breise
Stór focal bóithrín
seomra fóntais fairsing
a small road utility room
spacious/roomy radharc álainn ar a beautiful view of
lasaimid scáthán matal
we light mirror
mantelpiece fásaimid we grow
1. Cá bhfuil Ciara ina cónaí? 2. Cá bhfuil an teach suite? 3. Cé mhéad seomra atá sa teach? 4. Liostaigh na seomraí atá sa teach. 5. Cad é an seomra is fearr léi? 6. Cén fáth a dtaitníonn an seomra sin léi? 7. Cén radharc atá acu ón seomra suí? 8. Cad a lasann siad sa gheimhreadh? 9. Tabhair sampla amháin a thugann le fios go bhfuil go leor troscán (furniture) deas sa seomra suí. 10. Cad a fhásann siad sa ghairdín?