FOCLÓIR Ag Comhaireamh Daoine Cé mhéad duine atá i do theaghlach? Tá cúigear i mo theaghlach. Le foghlaim
Úsáid na focail seo chun daoine a chomhaireamh. Use these words to count people.
duine (amháin) seachtar beirt
triúr ochtar ceathrar
cúigear
naonúr
seisear Bí ag caint!
I ngrúpa, réitigh na tomhais (riddles) seo. 1. Tá cúigear siblíní agam. Cé mhéad páiste atá i mo theaghlach?
2. Tá deichniúr scoláirí sa rang. Téann beirt abhaile. Cé mhéad duine atá sa rang anois?
3. Tá beirt tuismitheoirí, cúigear deartháireacha agus deirfiúr amháin ag Éabha. Cé mhéad duine atá sa teaghlach?
4. Tá beirt tuismitheoirí, beirt seantuismitheoirí, triúr deartháireacha agus beirt deirfiúracha ina gcónaí le Jim. Cé mhéad duine atá ina gcónaí le Jim?