Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Bail ó Dhia oraibh. Is mise Ciara. Táim i mo chónaí i gCill Rónáin in Inis Mór. Baile bríomhar iascaireachta is ea é.
Tá go leor áiseanna in Inis Mór. Tá bialanna iontacha, óstáin, siopaí caife, tránna áille, club óige, club CLG agus coláiste samhraidh. Is é an club óige an áis is fearr liom. Buailim le mo chairde ar fad ann.
Tagann go leor turasóirí anseo sa samhradh. Téann siad ag siúl, ag rothaíocht, ag snámh agus ag iascaireacht.
Tá go leor áiteanna speisialta ar an oileán freisin. An áit is fearr liom ná Dún Aonghasa. Is aoibhinn liom Poll na bPéist freisin. Gach cúpla bliain, bíonn comórtas tumadóireachta Red Bull ar siúl i bPoll na bPéist. Is aoibhinn liom an comórtas sin.
Ábhar Breise
Stór focal áille
beautiful (pl) áiteanna speisialta special places
Poll na bPéist
the Worm Hole comórtas tumadóireachta diving competition
1. Cá bhfuil Ciara ina cónaí? 2. Cén sórt baile é Cill Rónáin? 3. Liostaigh cúig áis atá in Inis Mór. 4. Cén áis is fearr le Ciara? 5. Cé leo a mbuaileann sí ann? 6. Cé a thagann go hInis Mór sa samhradh? 7. Cad a dhéanann turasóirí in Inis Mór sa samhradh? 8. Cén áit speisialta is fearr le Ciara? 9. Cad a bhíonn ar siúl gach cúpla bliain i bPoll na bPéist? 10. Scríobh síos dhá cheist ar mhaith leat a chur ar Chiara faoina háit chónaithe. (Cé mhéad duine atá ...? Cé mhéad ciliméadar ...? Cén sórt aimsire ...? Cén sórt tí ...?)