Bhí duine díobh siúd a raibh sí á gcreachadh tar éis carn mór a chur i dtaisce sa bhanc. Bhí stór maith airgid gnóthaithe aige faoin am seo, agus é ag ceapadh gan amhras, go raibh a shealúchas slán sábháilte i gcuntais éagsúla i mbainc éagsúla. Ach bhí Aoife ag faire go géar air le tamall anuas. Ní de bharr a bheith ag scuabadh urláir siopaí a bhí Emmet tar éis an t-airgead seo a shaothrú ach faoi cheilt. Níorbh eol di go cinnte go fóill conas a d’éirigh leis é a dhéanamh ach ní ró-éagsúil lena modhanna féin a bhí sé.
Bheadh tuarastal maith á thuilleamh ag Aoife inniu dá mbeadh sí páirteach go gairmiúil i scuad calaoise. Ach bhí brabús níos fearr le tuilleamh aici as a bheith ag baint bairr de chuntais choigiltis.
one of those she was tracking
earned savings
various; watching it wasn’t from earn
in secret; know; he managed to
would be earning a good salary if she was; fraud squad profit
skimming savings accounts
Ceisteanna 4 1. Cén fáth ar bhrúigh Aoife a beola le chéile? 2. Conas a chaill Aoife slám mór airgid ar maidin? 3. Cá raibh an turas domhanda pócair – Pócar i bParthas – le bheith ar siúl?
Bí ag caint!
Cé hé nó hí an carachtar is cliste, meas tú: Aoife nó Emmet? Cén fáth? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Táim in ann ceisteanna a fhreagairt ar an ngearrscéal ‘Quick Pick’.