Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. An raibh tú i mbialann dheas riamh? Bhí. Chuaigh mé go bialann dheas an tseachtain seo caite.
2. Cén sórt bialainne? Bialann Iodálach. Romano’s is ainm don bhialann. 3. Cé a chuaigh leat?
Chuaigh mé ann le mo theaghlach.
4. An raibh sibh ag ceiliúradh ócáid speisialta? Bhí. Breithlá mo Mham a bhí ann.
5. Cad a d’ordaigh tú? Bhí bruschetta agam don réamhchúrsa, pizza don phríomhchúrsa, agus cassata don mhilseog.
6. Ar thaitin sé leat? Thaitin. Thaitin sé go mór linn.
7. Ar scríobh tú aon léirmheas? Scríobh. D’fhág mé léirmheas cúig réalta ar a leathanach Facebook.
8. An rachaidh tú ar ais? Rachaidh, go cinnte!
? s
n.
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén sórt bialainne ina raibh Liam le déanaí? 2. Cén ócáid a bhí á ceiliúradh acu? 3. Cad a d’ith Liam? 4. Ar thaitin an béile leis? 5. An rachaidh Liam ar ais?
chóipleabhar Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Liam (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna faoi bhéile i mbialann a fhreagairt. 306 trí chéad a sé