Léigh na trí ráiteas seo faoi théama an amhráin. An aontaíonn tú le gach ráiteas? Inis don duine atá in aice leat.
Tús Nua téama an amhráin.
Meaitseáil 1
Sílim gurb é Féinmhachnamh téama an amhráin.
Ceapaim gurb é Athrú téama an amhráin.
Meaitseáil na habairtí le gach téama. Tús Nua
2 Féinmhachnamh 3 Fágann an liriceoir a sheansaol san amhrán nua. Cuireann sé athrú ar a shaol.
Smaoiníonn an liriceoir siar ar a shaol san amhrán seo.
Stór focal tús nua
féinmhachnamh
new beginning self-reflection
Léigh Léigh an freagra samplach seo.
Ceist shamplach: An dtaitníonn an ceol san amhrán ‘Solas’ leat? Cén fáth?
Freagra samplach: Taitníonn an ceol san amhrán ‘Solas’ go mór liom. Is breá liom an popcheol. Is breá liom an cheolfhoireann san fhíseán freisin.
Tosaíonn an ceol go han-chiúin. Cloisimid an pianó, na téaduirlisí, na cnaguirlisí, na gaothuirlisí agus na prásuirlisí. Sa churfá, éiríonn an ceol an-láidir. Críochnaíonn an ceol go ciúin.
Punann 8.4
I ngrúpa, samhlaigh go bhfuil tú ag déanamh físeán nua (a new video) don amhrán ‘Solas’. Luaigh na pointí seo a leanas:
• Scéal • Suíomh (setting) • Carachtair (characters).
Scríobh an chéad dréacht (draft) den chur síos i do chóipleabhar. Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 65 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) do chuid oibre. Scríobh an leagan deiridh (final version) i do phunann ar leathanach 64.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar an amhrán. dhá chéad tríocha a naoi 239