Roimh 5000 BC, d’ith muintir na hÉireann go leor iasc. D’ith siad fia rua, torc allta, sméara agus cnónna freisin.
An fheirmeoireacht
Nuair a tháinig an fheirmeoireacht go hÉirinn, thosaigh daoine ag fás cruithneachta agus eorna. D’ith siad arán, leite, mairteoil agus uaineoil. D’úsáid siad an ‘fulacht fia’ chun bia a chócaráil.
An práta
Roimh 1845, d’ith na daoine bochta a lán prátaí – níos mó ná 5 kg de phrátaí gach lá!
Bia idirnáisiúnta
Itheann daoine go leor bia idirnáisiúnta na laethanta seo. Mar shampla:
• D’oscail na chéad bhialanna Iodálacha i mBaile Átha Cliath sna 1930í.
• D’oscail na chéad bhialanna Síneacha agus Indiacha i mBaile Átha Cliath sna 1950í.
• D’oscail an chéad ollmhargadh Polannach, nó Polski sklep, in Éirinn sna 2000í.