Athscríobh na briathra san Aimsir Chaite chun na scéalta a insint (* = briathar neamhrialta). Ansin, freagair na ceisteanna.
A. Laoch i bPáras!
[Bí*] __________ buachaill beag ag súgradh ar bhalcóin cúigiú hurlár i mbloc árasán. Faraor, [tuisligh] __________ an buachaill agus [croch] __________ sé ón mbalcóin. [Dreap] __________ fear láidir ó Mhailí suas na balcóiní ar fad. [Sábháil] __________ sé an buachaill. [Déan*] __________ an tUachtarán comhghairdeas leis an bhfear. [Bronn] __________ sé saoránacht na Fraince air freisin.
1. Cén áit a raibh an buachaill ag súgradh? 2. Cad a tharla don bhuachaill? 3. Cé a dhreap suas na balcóiní? 4. Cad a rinne an tUachtarán?
B. Teach nua
Is mise Aoife. [Bog] __________ mé go teach nua ag an deireadh seachtaine. Ní [bí*] __________ sé éasca! Ar dtús, [cuir: muid] __________ ár stuif go léir i mboscaí. [Caith: muid] __________ go leor rudaí amach freisin. [Tar*] __________ trucail mhór chun na boscaí agus troscán a thabhairt go dtí an teach nua. Ansin, [tóg: muid] __________ gach rud amach agus [líon: muid] __________ ár seomraí nua leo.
1. Cathain a bhog Aoife go teach nua? 2. Cad a rinne siad lena gcuid stuif? 3. Conas a bhog siad na boscaí agus troscán go dtí an teach nua?