1. Cá bhfuil Gavin ar chúrsa Gaeilge? 2. Cad a dhéanann siad ar maidin? 3. Cad iad na spóirt a imríonn siad gach lá? 4. Cad a rinne siad inné? 5. Cad a dhéanfaidh siad amárach? 6. Cá dtéann siad um thráthnóna? 7. Déan cur síos ar an teach.
Scríobh
Foghlaimeoidh tú conas cárta poist a scríobh ar leathanach 262. Idir an dá linn, cuir na míreanna seo san ord ceart chun cárta poist gearr a scríobh faoi shaoire sa bhaile.
1. Slán go fóill. 2. Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte. 3. Tá mé ar saoire i nDún na nGall. Tá sé go hálainn anseo. Tá go leor le déanamh. 4. A Sheáin, a chara, 5. Abair le gach duine go raibh mé ag cur a dtuairisce. 6. Inniu, beimid ag dul go dtí an trá. Déanfaimid spóirt uisce. 7. Lavinia 8. Amárach, rachaimid go Sliabh Liag, na haillte (cliffs) is airde in Éirinn. 9. Beidh mé ar ais i nDurlas tráthnóna Dé Domhnaigh. 10. Inné, chuamar isteach go hInis Bó Finne i mbád seoil.
Táim in ann abairtí i gcárta poist a chur san ord ceart. x dhá chéad seasca a haon 261