SEOSAMH (de chogar): Tuige nach seasfadh? SINÉAD (de chogar): Uncail le hÉamonn Beag is ea Séamus. SEOSAMH (de chogar): Tuigim. Ní mór dúinn bheith an-chúramach. (Tagann an chuid eile as na háiteanna ina raibh siad i bhfolach.) PÁDRAIG:
An bhfuil an bheirt agaibhse ag teacht nó an bhfuil sé i gceist agaibh an oíche a chaitheamh anseo?
PÁDRAIGÍN:
Bhuel, tá a fhios againn cé a rinne é. Céard é an chéad chéim eile?
EILÍS (go gliondrach): Séamus agus Peadairín. SINÉAD:
Agóid! Agus an dlí a chur orthu!
ÉAMONN BEAG (cuma bhuartha air): Ní bhíonn sé ciallmhar … sceitheadh ar chomharsana.
(Caitheann sé cúpla nóiméad ag fústráil anseo agus ansiúd, an chuid eile ag breathnú air. Ansin déanann sé cinneadh.)
Feicfidh mé ar ball sibh.
(Imíonn ÉAMONN BEAG ina aonar. Breathnaíonn an chuid eile ina dhiaidh.
Breathnaíonn SINÉAD agus SEOSAMH ar a chéile. Imíonn siad uile amach go ciúin, ar clé.) (Soilse múchta)
Ceisteanna 1 1. Céard atá ar iompar ag an seisear déagóirí? 2. Cad a fheiceann siad in aice an locha? 3. An aithníonn Sinéad an lucht dumpála? 4. Cén t-ainm atá ar Uncail Éamoinn Bhig?
the next step law
telling on
fidgeting decision
Radharc 2
Soilse ag lasadh ar thaobh na láimhe deise den stáitse. Suíomh:
Oifig sa Chomhairle Chontae. Fuinneog ar an mballa ar cúl. Oifigeach na Comhairle, TADHG Ó CUILL, ina shuí ag an mbord.