Is duine cineálta tuisceanach é Mamó. Tuigeann sí nach bhfuil spás ag Pádraigín. Tugann Mamó spás agus saoirse do Phádraigín.
1. Cén sórt duine í Pádraigín? 2. Cad a dhéanann Pádraigín lena cuid fadhbanna sa ghearrscéal seo? 3. Cén fáth a bhfuil imní ar Phádraigín? 4. Cén sórt daoine iad tuismitheoirí Phádraigín? 5. Cad a thugann Mamó do Phádraigín?
Bí ag caint!
Smaoinigh ar chosúlacht amháin agus difríocht amháin idir tú féin agus Pádraigín. Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar charachtair sa ghearrscéal ‘Spás’.