Tá an triúr seo ag labhairt faoi théama an dáin ‘An Ghealach’. Cé leis a n-aontaíonn tú? Léigh na tuairimí agus déan vóta sa rang!
Measaim gurb í An Ghealach téama an dáin. Is réalta eolais í an ghealach. Tugann sí treoir dúinn.
Sílim gurb é Turas Pearsanta téama an dáin. Táimid go léir ar turas pearsanta sa saol.
Ceapaim gurb é An Dúlra téama an dáin. Is breá leis an bhfile a bheith amuigh sa dúlra. Ceapann sí go bhfuil an ghealach go hálainn. Is féidir linn solas na gealaí agus solas na réaltaí a shamhlú.