Is maith liom sacar agus leadóg. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom an iománaíocht.
2. Cén fáth?
Is maith liom í mar tá sí tapa agus sciliúil. 3. An imríonn tú spórt?
Imrím. Imrím iománaíocht agus sacar. 4. Cé chomh minic is a imríonn tú spórt?
Imrím spórt gach lá. Imrím iománaíocht le mo chlub CLG. Imrím sacar le mo chairde ar an mbóthar nó sa pháirc.
5. An maith leat a bheith ag féachaint ar spórt? Is breá liom a bheith ag féachaint ar spórt. Féachaim ar na cluichí móra.
6. An bhféachann tú ar spórt go rialta?
Féachaim ar na cluichí móra – go háirithe iománaíocht, peil Ghaelach, sacar agus leadóg.
7. An ndeachaigh tú chuig ócáid spóirt le déanaí?
Chuaigh. Chuaigh mé go dtí an cluiche idir Sleacht Néill agus Na Piarsaigh. Bhuaigh Sleacht Néill. Cluiche an-chorraitheach a bhí ann.
8. Cé hiad na réaltaí spóirt is fearr leat?
Is iad Annalise Murphy agus Cristiano Ronaldo na réaltaí spóirt is fearr liom. Is breá leo a bheith ag traenáil go dian.
Zak
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén sórt spóirt a thaitníonn le Zak? 2. Cé chomh minic is a imríonn sé spórt? 3. Cá n-imríonn sé iománaíocht agus sacar? 4. An maith leis a bheith ag féachaint ar spórt? 5. Cé hiad na réaltaí spóirt is fearr leis?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Zak (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat.
Táim in ann ceisteanna a fhreagairt faoin spórt i mo shaol. 244 dhá chéad daichead a ceathair