Tá an triúr seo ag labhairt faoi théama an dráma Gleann Álainn. Cé leis a n-aontaíonn tú? Léigh na tuairimí agus déan vóta sa rang!
Measaim gurb é An Timpeallacht téama an dráma. Tá meas ag na déagóirí ar an timpeallacht. Níl meas ag na fir ar an timpeallacht agus dumpálann siad bruscar in aice leis an loch.
Sílim gurb é An Óige téama an dráma. Tá fuinneamh ag na daoine óga. Níl siad leisciúil. Feiceann siad na fir ag dumpáil agus déanann siad rud faoi.
Ceapaim gurb é An Dlí téama an dráma. Briseann Séamus agus Peadairín an dlí. Ar deireadh, gearrann an Breitheamh fíneáil ar Shéamus agus Peadairín.