Meaitseáil na cuir síos leis na cineálacha saoire. 1 Téann tú ag sciáil síos na sléibhte. 2 Cabhraíonn tú le daoine bochta. 3 Caitheann tú an lá ar an trá. 4 Téann tú ag campáil i bpuball. 5 Feiceann tú ainmhithe allta.
6 Déanann tú spóirt cosúil le ziplíneáil. 1 = ____ 2 = ____ 3 = ____
A saoire charthanachta B saoire ghréine
C saoire ghníomhaíochta D saoire sciála
E saoire champála F turas safari
4 = ____ 5 = ____ 6 = ____
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna seo. Ansin, cuir na ceisteanna ar an duine atá in aice leat. Ceisteanna
Freagraí samplacha
1 Cén sórt saoire a thaitníonn leat? Cén fáth?
2 An ndeachaigh tú ar saoire i mbliana nó anuraidh?
3 An rachaidh tú ar saoire i mbliana nó an bhliain seo chugainn?
Taitníonn saoirí gréine liom. Is aoibhinn liom an trá.
Chuaigh mé go dtí an Spáinn anuraidh.
Rachaidh mé go Corcaigh le mo theaghlach.
Táim in ann labhairt faoin gcineál saoire is fearr liom. dhá chéad caoga a haon 251