San amhrán ‘Fún Orm’, canann an liriceoir faoi dhá rud: saoirse cainte agus tábhacht na Gaeilge.
Ar an gcéad dul síos, is breá leis ceolchoirmeacha mar is breá leis an fuinneamh. Is breá leis rudaí a rá amach gan scáth gan eagla. Tá cead ag gach duine rudaí a rá amach gan scáth gan eagla, dar leis.
Ar an dara dul síos, is í an Ghaeilge a theanga dhúchais. Is fearr leis liricí a scríobh i nGaeilge. Deir sé go bhfuil sé tábhachtach teangacha a fhoghlaim freisin. Ní stopfaidh seisean ag foghlaim.
lyricist freedom of speech; importance
energy fearlessly; permission
his native language languages
Bí ag caint!
I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo. 1. An dtaitníonn an ceol leat san amhrán seo? Cén sórt ceoil é?
Tá triúr ceoltóirí sa bhanna ceoil IMLÉ. Is iad sin an dordghiotáraí Cian Mac Cárthaigh, an t-amhránaí agus giotáraí Fergal Moloney agus an fíodóir focal MC Muipéad.
Cur i láthair
Dear póstaer faoin gcurfá nó faoi aon véarsa a thaitníonn leat. Is féidir póstaer digiteach a chruthú freisin ar www.canva.com. Scríobh nó clóscríobh (type) na focail ar an bpóstaer. Cuir pictiúir leis.
Cuir an póstaer i láthair an ranga. Táim in ann póstaer faoin amhrán a dhearadh. 272 dhá chéad seachtó a dó