Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
A Aoife, a chara,
Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú go maith. Tá mise i gcampa eachtraíochta i gContae an Chláir. Tá sé thar barr. Táimid ag déanamh go leor gníomhaíochtaí spraíúla anseo.
Táimid ag campáil cois abhann faoi láthair. Téimid ag snámh agus ag iascaireacht gach lá. Inné, rug mé ar chúig iasc! Bímid ag cócaráil anseo freisin. Inné, las an múinteoir tine agus chócarálamar na héisc.
Bhaineamar triail as ziplíneáil anseo freisin. Bhí sí sin an-taitneamhach.
Amárach, beimid ag dul ar shiúlóid fhada. Beimid ag dreapadh sliabh mór. Táimid ag tnúth go mór leis an lá.
Gach oíche, seinnimid ceol agus bímid ag caint le chéile. Faraor, níl aon Wi-Fi ná comhartha 3G nó 4G anseo! Caithfimid caint le chéile!
Feicfidh mé go luath thú. Slán, Colmán
Greamaigh stampa anseo
Aoife Ó Murchú An Buailtín Co. Chiarraí
Stór focal campa eachtraíochta
cois abhann chócarálamar
adventure camp siúlóid
gníomhaíochtaí spraíúla fun activities by a river
we cooked
a walk
ag dreapadh sliabh mór climbing a big mountain comhartha caithfimid
signal we have to
1. Cá bhfuil Colmán i gcampa eachtraíochta? 2. Cén sórt gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ann? 3. Cá bhfuil siad ag campáil faoi láthair? 4. Cad a dhéanann siad gach lá? 5. Cé mhéad iasc ar rug sé orthu inné?
338
6. Conas a chócaráil siad na héisc? 7. Cad eile ar bhain siad triail as? 8. Cá mbeidh siad ag dul amárach? 9. Cad a dhéanann siad gach oíche? 10. Cén fáth a gcaithfidh siad caint le chéile?