Léigh agus scríobh Léigh an cárta poist agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
A Thiarnáin, a chara,
Nollaig shona! Wesołych Świąt! Conas atá tú? Conas a bhí an Nollaig? Cad a rinne tú? An bhfuair tú aon rud deas?
Tá mise fós anseo sa Pholainn. Thángamar anseo ar 22 Nollaig. Táimid ag fanacht le mo sheantuismitheoirí. Tá sé an-fhuar (–10°C!), ach is aoibhinn liom é.
Cheiliúramar an Nollaig Oíche Nollag. D’itheamar barszcz (anraith biatais) agus carbán. D’itheamar makowiec agus kutia freisin. Is milseoga iad.
D’osclaíomar ár mbronntanais tar éis an dinnéir. Fuair mé fón cliste nua. Bhí mé an-sásta. Faigheann páistí óga anseo bronntanais ó Święty Mikołaj, nó ‘San Nioclás’, ar 6 Nollaig. Faigheann siad níos mó bronntanas ar 24 Nollaig! Tá an t-ádh leo!
Ag meán oíche, chuamar ar Aifreann an Mheán Oíche. Bhí go leor daoine ann.
Beidh mé ar ais ar 3 Eanáir. Feicfidh mé ar scoil thú!
Sylwia
Greamaigh stampa anseo
Tiarnán Ó Dochartaigh An Phríomhshráid Cúil an tSúdaire Laois Éire
Stór focal Wesołych Świąt Happy Christmas (Polish) cheiliúramar
we celebrated
Oíche Nollag Christmas Eve anraith biatais beetroot soup
carbán milseog níos mó
Buntuiscint 1. Cathain a tháinig Sylwia go dtí an Pholainn? 2. Conas atá an aimsir ann? 3. Ainmnigh trí rud a d’ith siad Oíche Nollag. 4. Cén bronntanas a fuair Sylwia? 5. Cathain a fhaigheann páistí óga bronntanais? 6. Cathain a bheidh Sylwia ar ais?
Táim in ann ceisteanna faoin Nollaig a fhreagairt. trí chéad a trí déag 313