Caibidil 2 Íomhánna an dáin: Meaitseáil agus labhair
Meaitseáil na híomhánna leis na cuir síos. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile sa dán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
1 2
‘Brúim cnaipe na haipe’ 3
‘faighim radharc fíor-ama den tiománaí ag féachaint orm’
'(is é ag tiomáint an bhus thar bráid)’ Feiceann an file an bus ag dul síos an bóthar, thar stad an bhus. Faraor, níl sé tapa go leor chun an bus a stopadh. Tá an file ag féachaint ar a fhón. Tá sé ag seiceáil amchlár an bhus ar aip speisialta. Ní fheiceann sé an bus ag teacht. Nuair a fhéachann an file suas, feiceann sé an bus – san fhíor-am. Tá tiománaí an bhus ag féachaint ar an bhfile freisin. Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón dán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn (represents) an íomhá seo. Déan cur síos ar an bpictiúr seo i do chóipleabhar.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar theideal, file agus íomhánna an dáin.