Léigh agus scríobh Léigh an fógra seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
h
An maith leat ceol? An bhfuil tú aclaí? Ar mhaith leat damhsa?
Tá G24 ag lorg teaghlach in Éirinn don seó teilifíse Teaghlaigh an Rince. An maith leat ceol? An maith leat damhsa? Ar mhaith leat duais €10,000,000 a bhuachan?
Chun cur isteach ar an seó, seol ríomhphost chuig rince@gaeilge24.ie. Sa ríomhphost, déan cur síos ort féin agus ar do theaghlach. Críochnaigh an abairt seo:
‘Ba mhaith liom a bheith ar Teaghlaigh an Rince mar …’ Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.gaeilge24.ie/rince.
1. Cad is ainm don seó teilifíse seo? 2. Cén duais atá le buachan? 3. Conas a chuireann tú isteach ar an seó? 4. Cad a scríobhann tú sa ríomhphost? 5. Cá bhfuil tuilleadh eolais ar fáil?