2. Cén fáth? Is breá liom spórt, go háirithe sciáil agus spóirt uisce.
3. An ndeachaigh tú aon áit speisialta an samhradh seo caite? Chuaigh mé go dtí an Phortaingéil an samhradh seo caite.
4. Cé a chuaigh in éineacht leat? Chuaigh mo theaghlach in éineacht liom.
5. Ar bhain tú sult as? Bhain mé sult is spraoi as.
6. An rachaidh tú ar saoire i mbliana? Rachaidh mé go dtí na hAlpa i mbliana.
7. Cad a dhéanfaidh tú ann? Rachaidh mé ag sciáil. Táim ag tnúth go mór leis an tsaoire.
8. Cad é an áit is fearr leat in Éirinn?
Is é Sligeach an áit is fearr liom in Éirinn. Téim ag surfáil ann go minic.
an Phortaingéil
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén fáth a dtaitníonn saoirí gníomhaíochta le hAoife? 2. Cá ndeachaigh Aoife an samhradh seo caite? 3. Ar bhain sí sult as? 4. Cad a dhéanfaidh Aoife sna hAlpa? 5. Cad a dhéanann Aoife i Sligeach?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Aoife (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat.
Táim in ann ceisteanna faoi mo laethanta saoire a fhreagairt. 276 dhá chéad seachtó a sé