Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Is sorcas nua-aimseartha é Cirque du Soleil. Thosaigh Guy Laliberté agus Gilles Ste-Croix, beirt taibheoirí sráide, an sorcas i 1984.
Glacann go leor Oilimpeach páirt sa sorcas. Mar shampla, glacann tumadóirí, snámhóirí, gleacaithe agus sciálaithe páirt ann.
Traenálann na hOilimpigh go dian. Tá géaga, cosa agus droim an-solúbtha acu. Déanann siad meáchain gach lá. Neartaíonn siad na lámha, na cosa, na guaillí agus an bolg.
Deir siad go bhfuil craiceann crua orthu mar gheall ar na Cluichí Oilimpeacha. Tá siad ábalta aon rud a dhéanamh faoi bhrú.
Déanann na hOilimpigh go leor acrabataice. Déanann na gleacaithe cleasa dainséaracha san aer. Léimeann na tumadóirí ó ardáin 60 m! Lúbann siad agus casann siad an corp an bealach ar fad síos.
1. Cén sórt sorcais é Cirque du Soleil? 2. Cé a thosaigh an sorcas i 1984? 3. Cén sórt lúthchleasaithe a ghlacann páirt sa sorcas? 4. An bhfuil géaga, cosa agus droim solúbtha ag na hOilimpigh? 5. Cad a dhéanann siad gach lá? 6. Cén fáth a bhfuil craiceann crua orthu? 7. Cén sórt acrabataice a dhéanann na gleacaithe? 8. Cén sórt acrabataice a dhéanann na tumadóirí?