SCRÍOBH Litir: An Deireadh Seachtaine Léigh Gach bliain, scríobhann scoláirí Éireannacha litreacha chuig a chéile. Léigh an ceann seo. Do
Sheoladh An dáta
Coláiste na Cúlóige Baile Átha Cliath
10 Samhain 2019
Beannú
A Dhónaill, a chara, Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte.
Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann an deireadh seachtaine seo caite. Chonaic mé Tapa agus ar Buile 9. Bhí sé go hiontach. Is scannán aicsin é. Tá an scannán seo faoi robáil bainc agus rásaíocht sráide.
Thaitin sé liom mar bhí sé corraitheach agus lán d’aicsean. Dominic Toretto (Vin Diesel) is ainm don phríomhcharactar. Is duine láidir agus cróga é.
Corp
An maith leat a bheith ag imirt cluichí ríomhaire? Cad é an cluiche ríomhaire is fearr leat? Is aoibhinn liom cluichí ríomhaire. Is é The Legend of Zelda an cluiche is fearr liom.
Cad a dhéanfaidh tú ag an deireadh seachtaine? Buailfidh mé aníos chuig mo chara Karl agus féachfaimid ar an teilifís. Is aoibhinn liom cláir ghrinn. An maith leatsa cláir ghrinn?
Bhuel, sin a bhfuil uaim. Táim ag tnúth le litir uait.
Críoch
Slán, Jan
Jan
lán d’aicsean 174
Stór focal rásaíocht sráide street racing action-filled