Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Hawaii Five-0
Haigh, is mise Pól. Is maith liom cláir spóirt agus cláir cheoil. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom cláir bhleachtaireachta.
Is breá liom na cláir CSI agus Criminal Minds. Is é an clár Hawaii Five-0 an clár is fearr liom, áfach. Is breá liom é mar tá sé corraitheach. Bíonn an plota suimiúil i gcónaí.
Tá an clár seo faoi thascfhórsa speisialta i Haváí. Tá ceathrar bleachtairí sa tascfhórsa speisialta. Steve McGarrett, Chin Ho Kelly, Kono Kalakaua agus Daniel Williams is ainm dóibh.
Steve McGarrett is ainm don phríomhcharachtar. Is duine cróga agus dílis é. Labhraíonn sé a lán teangacha.
over anything else; however detective programmes
plot always
task force detectives
main character languages
1. Cén sórt clár teilifíse is maith le Pól? 2. Cén sórt clár is fearr leis? 3. Ainmnigh trí chlár a thaitníonn leis. 4. Cad a deir Pól faoin bplota? 5. Cé mhéad bleachtaire atá sa tascfhórsa speisialta? 6. Cén sórt duine é an príomhcharactar?
Taighde
Téigh chuig www.tg4.ie/ga/sceideal. Aimsigh trí chlár ar mhaith leat féachaint orthu. Cén sórt clár iad? Déan comparáid leis an duine atá in aice leat.