(Tógann sé clúdach beag donn as a phóca agus cuireann sé síos ar an mbord os comhair Thaidhg é.)
envelope
[Fig. 01-130 Bribe]
TADHG (ag déanamh neamhshuime den chlúdach agus ag caint go tomhaiste): Bhuel, a Sheáin, caithfidh an cás dul ar aghaidh … ach … b’fhéidir go bhféadfaí pointí ina bhfabhar a lua, nó finné ina bhfabhar a aimsiú. Labhróidh mé lenár ndlíodóir. Ach tá mé cinnte go dtuigeann tú nach í an Chomhairle, ach na daoine óga seo, atá ag cur an dlí orthu. Beidh sé deacair.
SEÁN:
Fágfaidh mé fút féin é. Tá mé cinnte go ndéanfaidh tú an rud ceart, mar a rinne tú riamh, a Thaidhg.
(Déanann TADHG miongháire.) (Íslítear na soilse)
ignoring measuredly
maybe one could points in their favour; witness
I’ll leave it up to you
Ceisteanna 2 1. Céard atá le cloisteáil taobh amuigh d’oifig sa Chomhairle Chontae? 2. Cad a thógann Seán Mac an Mháistir as a phóca?
Radharc 3 An chúirt. Bord bogtha isteach sa lár. Spotsolas ar an gcúirt.
Séamus, Peadairín agus Mac Uí Dhroma, a ndlíodóir, ar clé. Mac Uí Ghríofa, dlíodóir na ndaoine óga, ar clé. Níl Seosamh ann. Tá Pádraig, Eilís, agus Pádraigín níos faide ar clé. Níl Éamonn Beag ann. Tá Cléireach na Cúirte ina shuí.