Scéal an dáin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an dáin agus freagair na ceisteanna.
Sa dán seo, tá imní ar an bhfile faoin nGaeilge.
Cuireann sí an Ghaeilge i mbáidín beag go cúramach, cosúil le ‘naíonán i gcliabhán’. Leagann sí an bád beag seo síos ar bhruach abhann. Fanann an file ar bhruach na habhann. Féachann sí ar an mbád. Níl a fhios aici cá rachaidh an bád.
Ceapann an file go bhfuil an scéal cosúil le scéal Mhaois. Sa scéal sin, chuir máthair Mhaois i gcliabhán beag é. Ba mhaith léi é a shábháil ó Fharó na hÉigipte.
1. Cá gcuireann an file an Ghaeilge? 2. Cá leagann sí an bád síos? 3. Cad a tharlaíonn i scéal Mhaois?
Teideal an dáin: Bí ag caint! Cad is brí le teideal an dáin ‘Ceist na Teangan’? Cén rogha is fearr, i do thuairim? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
1 Tá fadhb ann leis an nGaeilge.
2 Tá fadhb le gach teanga.
3 Níl aon fhadhb ann leis an nGaeilge.
worry carefully
infant in a cradle; lays river bank
Moses save; Pharaoh
An file
Rugadh Nuala Ní Dhomhnaill in Lancashire. Bhog sí go Gaeltacht Chiarraí nuair a bhí sí cúig bliana d’aois. Tá go leor duaiseanna buaite aici as a cuid leabhar filíochta.