Léigh agus scríobh Léigh an cárta poist agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
A Mham agus a Dhaid,
Conas atá sibh? Tá súil agam go bhfuil sibh i mbarr na sláinte.
Tá an cúrsa Gaeilge go hiontach. Tá Inis Oírr go hálainn.
Bíonn ranganna Gaeilge againn ar maidin ach déanaimid go leor gníomhaíochtaí freisin. Imrímid peil Ghaelach nó iománaíocht gach lá. Inné, chuamar ag dreapadóireacht. Amárach, déanfaimid spóirt uisce.
Tá an radharc tíre go hálainn anseo. Tá an aimsir go breá freisin. Nílim griandóite, buíochas le Dia.
Tá ár dteach go hálainn. Teach nua-aimseartha atá ann. Tá beirt eile sa seomra liom. Tá bean an tí agus fear an tí an-chineálta. Ithimid béile deas gach tráthnóna.
Táim ag dul a chodladh anois. Abair le ar duine go raibh mé ag cur a dtuairisce.
Slán tamall, Gavin
Buntuiscint 1. Cá bhfuil Gavin ar chúrsa Gaeilge? 2. Cad a bhíonn acu ar maidin? 3. Cad iad na spóirt a imríonn siad gach lá? 4. Cad a rinne siad inné? 5. Cad a dhéanfaidh siad amárach? 6. Déan cur síos ar an teach.
Léirthuiscint An dóigh leat gur saoire dheas í seo? Cén fáth? Tabhair fáth amháin le do fhreagra.
Stór focal gníomhaíochtaí
radharc tíre activities
ag dreapadóireacht climbing scenery
Táim in ann ceisteanna a fhreagairt ar chártaí poist. dhá chéad caoga a cúig 255 griandóite nua-aimseartha
sunburnt modern
ag cur a dtuairisce asking for them
Clann Uí hArgáin Sráid an Chapaill Bhuí Cathair Chorcaí