Scéal an dáin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an dáin agus freagair na ceisteanna.
Sa dán seo, tá an file ag fanacht ar bhus ag stad an bhus. Seiceálann sé amchlár an bhus ar a fhón cliste. Téann an bus thar bráid agus é ag féachaint ar an bhfón. Ní eolas fíor-ama ach radharc fíor-ama a fhaigheann sé den bhus! Tá sé ródhéanach an bus a stopadh, faraor.
1. Cá bhfuil an file? 2. Cad a sheiceálann an file ar a fhón? 3. Cad a tharlaíonn agus an file ag féachaint ar an bhfón? 4. Cén sórt radhairc a fhaigheann an file?
checks; timetable past; information view; too late
Bí ag caint! I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo. Lig le do shamhlaíocht (use your imagination)!
1. Déan cur síos ar an bhfile. Cén sórt gruaige atá air? Cén dath súl atá aige? Cén sórt duine é?
2. Cá bhfuil an file ag dul, meas tú? Cur i láthair
Dear póstaer faoin dán. Is féidir póstaer digiteach a chruthú freisin ar www.canva.com. Scríobh nó clóscríobh (type) na focail ar an bpóstaer. Cuir pictiúir leis.
Cuir an póstaer i láthair an ranga. Táim in ann póstaer faoin dán a dhearadh. daichead a haon 41