An aibítir Seo aibítir Oghaim. Tá meascán de phoncanna agus línte sa script.
Stór focal Ogham clocha
T 5 Taighde agus cur i láthair
Tá eolas ar go leor clocha Oghaim in Éirinn ar https://ogham.celt.dias.ie. Tá an suíomh ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Cliceáil ar ‘Brabhsáil’/‘Browse’ agus féach ar an léarscáil. Cliceáil ar na bioráin
chun eolas faoin gcloch a fheiceáil.
Cruthaigh cur i láthair ar PowerPoint nó Prezi. I do chur i láthair: • Liostaigh trí chontae ina bhfuil clocha Oghaim • Litrigh d’ainm in Ogham.
Déan an cur i láthair os comhair an ranga. Féinmheasúnú
An raibh tú in ann na clocha Oghaim a chuardach (search) go héasca? An raibh aon deacrachtaí agat?