Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Is mise Freya. Tá mé i mo chónaí in árasán i lár na cathrach. Is é mo sheomra leapa an seomra is fearr liom mar ligim mo scíth ann.
Tá leaba shingil agam agus tá sé an-chompordach. Tá deasc bheag agam freisin. Déanaim mo chuid obair bhaile ag an deasc seo.
Tá taisceadán in aice le mo leaba. Tá trí tharraiceán sa taisceadán. Tá lampa amháin ar an taisceadán agus lampa eile ar an deasc.
Tá vardrús mór sa chúinne. Coimeádaim mo chuid éadaí ann. Coimeádaim mo chuid leabhar ar na seilfeanna.
Tá en suite beag agam freisin. Tá scáthán, doirteal, cithfholcadán agus leithreas ann. Tá dhá tharraiceán faoin doirteal. Coimeádaim smideadh agus earraí níocháin eile sna tarraiceáin.
drawers I keep
I relax
make-up; toiletries
1. Cá bhfuil Freya ina cónaí? 2. Cad é an seomra is fearr léi? Cén fáth? 3. Cad a deir sí faoina leaba shingil? 4. Cá bhfuil na lampaí ina seomra?
Bí ag caint!
Cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. 1. Cén seomra is fearr leat? Cén fáth? 2. Cad atá sa seomra sin? Luaigh ocht rud.
62 seasca a dó
5. Cad atá sa chúinne? 6. Cad a choimeádann sí sa vardrús? 7. Cá gcoimeádann sí a leabhair? 8. Cad atá san en suite?