Léigh, éist agus scríobh Léigh agus éist leis an bpíosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Traic 8
Ar chuala tú riamh faoin teaghlach Saccone Joly as Corcaigh? Tá triúr páistí acu – mac amháin agus beirt iníonacha. Emilia, Eduardo agus Alessia is ainm dóibh. Tá sé mhadra acu freisin.
Gach lá, roinneann Jonathan Joly agus Anna Saccone grianghraif agus físeáin dá saol ar na meáin shóisialta: Twitter, YouTube, Instagram agus Facebook.
Creid é nó ná creid, roinneann Jonathan agus Anna gach rud faoina saol. Gach lá, uaslódálann siad físeáin agus grianghraif dá dteach, dá madraí agus dá bpáistí. Is aoibhinn leo a bheith ‘ar ceamara’ 24/7.
In 2008, thosaigh Anna ag uaslódáil a físeán féin ar a cainéal YouTube. In 2009, thosaigh Jonathan ag uaslódáil a fhíseán féin ar a chainéal YouTube.
Is maith le go leor daoine a gcainéal. Féachann timpeall dhá mhilliún (2,000,000!) duine ar a gcainéal gach lá.
1. Cé mhéad páiste atá ag Jonathan agus Anna? 2. Cad a roinneann Jonathan agus Anna ar na meáin shóisialta? 3. Cén sórt rudaí a roinneann siad? 4. Cathain a thosaigh Anna a cainéal YouTube? 5. Cathain a thosaigh Jonathan a chainéal YouTube? 6. Cé mhéad duine a fhéachann ar a gcainéal gach lá?