Turas 2 Bí ag caint! I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo.
1. An dtaitníonn na liricí leat? Cad é an líne nó an véarsa is fearr leat? 2. An dtaitníonn an ceol leat? Cén sórt ceoil é? 3. Téigh chuig www.educateplus.ie/go/solas chun féachaint ar an bhfíseán. An dtaitníonn an físeán leat? Cén fáth?
4. Cad is brí le teideal an amhráin ‘Solas’? An teideal maith é?
An banna
Tá ceathrar ceoltóirí sa bhanna ceoil Seo Linn: Daithí Ó Ruaidh, Keith Ó Briain, Kevin Shortall agus Stiofán Ó Fearail. Is as Cill Chainnigh do Dhaithí, Keith agus Kevin agus is as Ros Comáin do Stiofán.