Caibidil 4 Íomhánna an dáin: Meaitseáil agus labhair
Meaitseáil na híomhánna leis na cuir síos. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile sa dán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
1 2
‘banríon na spéartha’ 3
‘ar turas’
‘Mo spéirbhean’ Sa dán seo, tá teachtaireacht speisialta ag an spéirbhean. Deir an spéirbhean linn a bheith láidir. Deir sí linn éisteacht lenár gcroí. Ceapann an file go bhfuil an ghealach cosúil le banríon. Tá solas na gealaí níos gile ná aon solas eile sa spéir. Tá an file ar turas sa dorchadas. Tá solas na gealaí an-gheal. Beidh an ghealach i gcónaí in aice leis an bhfile. Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón dán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn (represents) an íomhá seo. Déan cur síos ar an bpictiúr seo i do chóipleabhar.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar theideal, file agus íomhánna an dáin.