Léigh, éist agus scríobh Léigh agus éist leis an bpíosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Traic 36
Rugadh Lorde in Takapuna sa Nua-Shéalainn ar 7 Samhain 1996. Seinneann sí popcheol agus popcheol leictreo. De ghnáth canann sí, ach seinneann sí an giotár agus an méarchlár ó am go ham freisin.
Sonja Yelich is ainm dá máthair agus Vic O’Connor is ainm dá hathair. Tá beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aici. Jerry, India agus Angelo is ainm dóibh.
Thosaigh sí ag canadh agus ag déanamh drámaíochta nuair a bhí sí ar scoil. Nuair a bhí sí sé bliana déag d’aois, d’eisigh sí an singil ‘Royals’. Chuaigh an singil go barr na gcairteacha.
Bhuaigh sí a lán gradam. Mar shampla, bhuaigh sí dhá ghradam Grammy, dhá ghradam Billboard agus gradam amháin MTV.
released top of the charts
wide range soul
a lot of awards New Zealand
electro; sings keyboard
Takapuna
1. Cathain a rugadh Lorde? 2. Cén sórt ceoil a sheinneann sí? 3. Cad is ainm dá tuismitheoirí? 4. Cén aois a bhí sí nuair a d’eisigh sí ‘Royals’? 5. Cén sórt ceoil a thaitníonn léi? 6. Ainmnigh dhá ghradam a bhuaigh sí.
Déanann Coláiste Lurgan leaganacha Gaeilge (Irish versions) de go leor amhráin cháiliúla. Rinne siad leagan Gaeilge de na hamhráin ‘Royals’ agus ‘Green Light’. Féach ar na físeáin anseo: www.youtube.com/user/tglurgan/videos.