Is comhfhocal (compound word) é an teideal ‘Stadeolaíocht’ (Stad (Stop) agus Eolaíocht (Science)).
Cad is brí le ‘Stadeolaíocht’, meas tú? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
An file
Is as Baile Átha Cliath é Marcus Mac Conghail. Is file, scríbhneoir agus ceoltóir é. Scríobh sé leabhar filíochta darb ainm Ceol Baile. Bhuaigh sé duais mhór filíochta in 2015.