Roimh 5000 BC, d’ith muintir na hÉireann go leor iasc. D’ith siad fia rua, torc allta, sméara agus cnónna freisin.
An fheirmeoireacht
Nuair a tháinig an fheirmeoireacht go hÉirinn, thosaigh daoine ag fás cruithneachta agus eorna. D’ith siad arán, leite, mairteoil agus uaineoil. D’úsáid siad an ‘fulacht fia’ chun bia a chócaráil.
An práta
Roimh 1845, d’ith na daoine bochta a lán prátaí – níos mó ná 5 kg de phrátaí gach lá!
Béilí traidisiúnta
Seo samplaí de bhéilí traidisiúnta atá againn: • Stobhach Gaelach – feoil, prátaí agus glasraí
• Bacstaí – pancóg as prátaí • Cadal – ispíní, bagún agus prátaí • Cál ceannann – práta, cabáiste agus im