Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Dia daoibh! Is mise Roibeard. Tá cúigear i mo theaghlach. Is iad sin m’athair, mo mháthair agus mo bheirt deirfiúracha. Is mise an duine is óige. Táim ceithre bliana déag d’aois. Diane agus Linda is ainm do mo dheirfiúracha. Is í Diane an páiste is sine. Tá sí ocht mbliana déag d’aois. Tá Linda i lár báire. Tá sí sé bliana déag d’aois.
Tá gruaig ghearr dhonn orm agus tá súile gorma agam. Tá gruaig fhada fhionn ar mo dheirfiúr Diane agus tá súile glasa aici. Tá gruaig fhada dhubh ar mo dheirfiúr Linda agus tá súile donna aici. Tá gruaig liath ar mo mháthair agus tá gruaig dhubh ar m’athair. Tá súile glasa acu beirt.
Tá mo theaghlach an-chairdiúil. Tá mo dheirfiúracha foighneach agus cneasta. Tá mé féin fuinniúil agus spórtúil.
Réitímid go han-mhaith le chéile.
Stór focal i lár báire in the middle
1. Cé mhéad duine atá i dteaghlach Roibeaird? 2. Cé mhéad deirfiúr atá aige? Cad is ainm dóibh? 3. Cé hí an páiste is sine? 4. Cén aois í Linda? 5. Cén sórt gruaige atá ar Roibeard? 6. Cén dath súl atá aige? 7. Déan cur síos ar a dheirfiúracha. 8. Déan cur síos ar a thuismitheoirí. 9. Cén sórt duine é Roibeard? 10. An réitíonn siad go maith le chéile?