Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh, is mise Máirtín. Is aoibhinn liom a bheith ag imirt cluichí ríomhaire. Tá consól cluichí agam i mo sheomra suí. PlayStation atá ann. Ní maith liom a bheith ag imirt cluichí ríomhaire ar m’fhón.
Tá go leor cluichí ríomhaire agam. Is breá liom Gran Turismo Sport agus Knack II. Is é Minecraft an cluiche is fearr liom.
Is breá liom a bheith ag imirt cluichí ríomhaire le mo chairde agus i m’aonar. Imrím le mo chairde i mo theach
nó ar líne. Is breá liom a bheith ag imirt cluichí rásaíocht cairr le mo chairde. Tá siad an-taitneamhach.
Ní chaithim a lán ama ag imirt cluichí ríomhaire. Imrím beagáinín san oíche, nuair a bhíonn mo chuid obair bhaile críochnaithe agam. Ag an deireadh seachtaine, caithim níos mó ama ag imirt cluichí ríomhaire.
Deir mo Mham go bhfuilim tugtha do chluichí ríomhaire ach ní aontaím léi!