Caibidil 4 Léigh Léigh na freagraí samplacha seo. Ceist shamplach:
Cad é an mothúchán is láidre sa dán ‘An Ghealach’? Tabhair fáth amháin le do thuairim.
Freagra samplach:
Is é áthas an mothúchán is láidre sa dán ‘An Ghealach’. Tá an ghealach ag lonrú anuas ar an bhfile. Tá áthas ar an bhfile mar tá sí ar a turas pearsanta féin. Faigheann sí treoir ón ngealach. Tá áthas uirthi mar beidh an ghealach léi go deo.
shining down
guidance forever
Ceist shamplach: An dtaitníonn an dán ‘An Ghealach’ leat? Tabhair dhá fháth le do thuairim.
Freagra samplach: Taitníonn an dán ‘An Ghealach’ go mór liom. Is breá liom an íomhá den ghealach agus is breá liom an dóchas atá sa dán.
Ar an gcéad dul síos, is breá liom an íomhá den ghealach. Deir an file go bhfuil an ghealach go hálainn. Tá sí cosúil le ‘banríon’.
Ar an dara dul síos, is maith liom an dóchas atá sa dán seo. Tá an file ar turas san oíche. Is réalta eolais í an ghealach. Tugann sí dóchas don fhile.
guiding light
image hope
Punann 4.4
I ngrúpa, cruthaigh cur i láthair ar an dán seo ar PowerPoint nó Prezi. Bain úsáid as na cleachtaí a rinne tú ar an dán go dtí seo. Luaigh na topaicí seo a leanas:
• Scéal an dáin • An file • An íomhá nó an téama nó an mothúchán is fearr leat.
Scríobh an chéad dréacht (draft) i do chóipleabhar. Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 29 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) an cur i láthair. Cuir na sleamhnáin chríochnaithe isteach i do phunann ar leathanach 28. Déan an cur i láthair os comhair an ranga.
Táim in ann cur i láthair ar an dán a dhéanamh. céad a naoi 109