SCRÍOBH Cárta Poist ón tSeapáin Léigh Léigh an cárta poist seo faoi shaoire sa tSeapáin. A Sheosaimh, a chara, Beannú
Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú go maith! Táim ar saoire le mo theaghlach sa tSeapáin!
Táim ag baint an-taitneamh as an tsaoire. Táimid ag fanacht in óstán deas i dTóiceo.
Corp
Tá an aimsir go hiontach. Tá an chathair go hálainn. Tá áiseanna agus siopaí de gach sórt anseo. Téimid ag siopadóireacht fuinneoige gach lá!
Chuamar go Páirc Inokashira inné. Tá zú agus uisceadán ollmhór ann.
Rachaimid go cluiche rugbaí idir Éire agus an Nua-Shéalainn amárach. Táim ag tnúth go mór leis.
Críoch
Beidh mé ar ais Dé Luain seo chugainn. Buailfidh mé aníos chugat!
Slán! Bairbre
Stór focal siopadóireacht fuinneoige window shopping uisceadán
aquarium
an Nua-Shéalainn ag tnúth go mór le beidh mé ar ais
New Zealand
really looking forward to I will be back
buailfidh mé aníos chugat I’ll call up to you Noda!
Beannú • Scríobh ainm an duine, mar shampla ‘A Aintín Máire’/’A Uncail Seán’. • Scríobh an líne oscailte. Corp • Déan cur síos ar gach rud, mar shampla an aimsir/an bia/an ceantar. • Déan cur síos ar na rudaí a rinne tú/a dhéanann tú/a dhéanfaidh tú. Críoch • Abair cathain a bheidh tú ar ais. • Luaigh cén áit a bhfeicfidh sibh a chéile. • Scríobh an deireadh agus sínigh d’ainm.
102 céad a dó
Seosamh Mac Gabhann Bóthar Lansdún Baile Átha Cliath 4 Éire