Olivia is ainm dom. Táim ceithre bliana déag d’aois. Tá gruaig dhualach dhonn orm. Tá súile gorma agam. Táim cabhrach agus fial. Seo é mo theaghlach …
Fiona is ainm do mo mháthair. Tá gruaig dhíreach dhubh uirthi. Tá súile gorma aici. Tá sí cabhrach agus cairdiúil.
Aindrias is ainm do m’athair. Tá gruaig ghearr dhonn air. Tá féasóg air freisin. Is duine foighneach cneasta é.
Méabh is ainm do mo dheirfiúr óg. Tá sí deich mbliana d’aois. Tá gruaig fhada dhonn uirthi. Tá sí greannmhar agus cneasta.
Scríobh Líon na bearnaí i do chóipleabhar.
1. Tá Olivia ________ bliana ________ d’aois. 2. Tá gruaig dhualach ________ ar Olivia. 3. ________ is ainm do mháthair Olivia. 4. Tá Fiona ________ agus cairdiúil.
Scríobh agus labhair
Déan cur síos ar dhuine amháin i do theaghlach. Léigh an cur síos leis an duine atá in aice leat.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar mo theaghlach. fiche a seacht 27
5. ________ is ainm d’athair Olivia. 6. Is duine ________ cneasta é Aindrias. 7. Méabh is ________ do dheirfiúr óg Olivia. 8. Tá Méabh ________ agus cneasta.