Léigh agus scríobh Léigh an cárta poist agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
A Mhamó dhil, Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte.
Tá an Spáinn go hálainn. Táimid ag fanacht in óstán deas cois trá.
Tá an aimsir go breá. Tá sé te agus grianmhar anseo.
Téimid go dtí an trá gach lá. Tá an fharraige go hálainn. Is breá liom a bheith ag snámh san fharraige agus ag déanamh bolg le gréin. Déanann Mícheál caisleáin ghainimh agus téann sé ag lapadaíl freisin. Creid é nó ná creid, chuaigh Mam agus Daid ag sciáil ar uisce inné!
Amárach, rachaimid ar thuras mara. Tar éis sin, rachaimid ag fámaireacht agus ag siopadóireacht. Rachaimid chuig bialann agus íosfaimid dinnéar blasta.
Bhuel, sin a bhfuil uaimse. Feicfidh mé thú i gceann seachtaine!
Slán, Róisín
Mamó Uí Rua Bóthar Cholmcille An Cabhán Éire
Greamaigh stampa anseo
Buntuiscint 1. Cá bhfuil Róisín ag fanacht? 2. Conas atá an aimsir ansin? 3. Cad a dhéanann Róisín ar an trá? 4. Cad a dhéanann Mícheál ar an trá? 5. Cad a dhéanfaidh siad amárach? Luaigh trí rud.
Léirthuiscint An dóigh leat gur saoire dheas í seo? Cén fáth? Tabhair fáth amháin le do fhreagra.
Stór focal i mbarr na sláinte cois trá
254
in the best of health beside the beach
ag sciáil ar uisce waterskiing ag fámaireacht sightseeing