TG4 Thosaigh TG4 i 1996. Thug TG4 deiseanna poist do na cainteoirí Gaeilge seo. Eoghan McDermott
Thosaigh Eoghan McDermott mar aisteoir i ndráma TG4 Seacht in 2008. Craoladh an dráma ar BBC freisin. Tar éis sin, fuair sé post ar POP4, seó ceoil ar TG4. Tar éis sin, thug RTÉ post d’Eoghan.
Tá cláir curtha i láthair aige ar RTÉ, Channel 5, 2FM agus XFM. Chuir sé The Voice of Ireland i láthair le Kathryn Thomas freisin.
Dáithí Ó Sé Thosaigh Dáithí Ó Sé le TG4 freisin. Láithreoir aimsire a bhí ann ar dtús, ach tar éis tamaill, fuair sé a sheó féin. Tá seónna aige ar RTÉ agus 2FM. Cuireann sé Rós Thrá Lí i láthair gach bliain freisin.
Síle agus Gráinne Seoige Tá clú agus cáil ar Ghráinne agus ar Shíle Seoige. Oibríonn siad mar láithreoirí teilifíse agus raidió. Thosaigh an bheirt acu ar TG4 freisin. D’oibrigh Síle le RTÉ agus Today FM. D’oibrigh Gráinne le TV3, RTÉ agus Sky News.
Sharon Ní Bheoláin Is léitheoir nuachta ar RTÉ í Sharon Ní Bheoláin. Cuireann sí Crimecall i láthair freisin.
Thosaigh sí ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath. Fuair sí post mar léitheoir nuachta in RTÉ tamall ina dhiaidh sin.