Tá ionaid siopadóireachta ag éirí níos mó agus níos fearr gach lá. Tá ionaid siopadóireachta i mbeagnach gach contae in Éirinn.
Tá siopaí de gach sórt iontu – siopaí éadaí, siopaí bróg, siopaí spóirt, siopaí ceoil, siopaí bréagán agus siopaí guthán. Tá bialanna agus siopaí caife iontu freisin.
Tá go leor áiseanna sna hionaid siopadóireachta Éireannacha freisin. Mar shampla, tá pictiúrlann i mbeagnach gach ionad siopadóireachta in Éirinn.
Mall of America Minnesota
Téigh ar rollchóstóir in Minnesota.
Tá na hionaid siopadóireachta i dtíortha eile go hiontach freisin. Mar shampla, in Marina Bay Sands i Singeapór, is féidir leat dul i ngandala. In Mall of American in Minnesota, is féidir leat dul ar rollchóstóir. In Dubai Mall, is féidir leat snámh le siorcanna.