Léigh an cárta poist seo faoi thuras scoile sa Róimh agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Beannú A Uncail Liam, Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte!
Táim ar thuras scoile sa Róimh. Tá sé go hiontach anseo. Tá an aimsir go hálainn anseo. Tá sé te agus grianmhar.
Tá go leor le déanamh anseo. Téimid ag fámaireacht gach lá. Tá go leor siopaí deasa anseo. Táimid ag fanacht i mbrú óige. Tá sé compordach agus nua-aimseartha.
Corp
Tá an bia sárbhlasta anseo. Ithimid i mbialann gach oíche. De ghnáth, ithim pizza agus pasta.
Chuamar go dtí an Colasaem inné. Bhí sé thar barr. Chonaiceamar an Séipéal Sistíneach arú inné. Bhí sé go hálainn. Amárach, rachaimid go dtí an Circus Maximus. Arú amárach, rachaimid go Catacómaí na Róimhe. Táim ag tnúth go mór leis sin.
Críoch
Beidh mé ar ais in Éirinn Dé hAoine. Buailfidh mé aníos chuig do theach.
Slán go fóill! Carla
Liam Mac Congáil Sord Cholm Cille Baile Átha Cliath Éire
Greamaigh stampa anseo
1. Cá bhfuil Carla ar saoire? 2. Cén sórt aimsire atá ann? 3. Cad a dhéanann siad gach lá? 4. Cad a chonaic siad inné agus arú inné? 5. Cén áit a rachaidh siad amárach agus arú amárach? 6. Cathain a bheidh Carla ar ais in Éirinn?