Scéal an dáin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an dáin agus freagair na ceisteanna.
Sa dán seo, cuireann an file síos ar an ngealach. Deir an file go bhfuil an ghealach go hálainn. Tá an ghealach cumhachtach freisin.
Tá an file ar turas pearsanta agus is í an ghealach a réalta eolais. Fanann an ghealach in aice léi i gcónaí. Mar shampla, nuair a bhíonn sé scamallach agus dorcha, bíonn an ghealach ann i gcónaí.
1. Cad a deir an file faoin ngealach? Luaigh dhá phointe eolais. 2. Tá an file ar turas. Cén sórt turais? 3. An mbíonn an ghealach ann i gcónaí?
Bí ag caint!
I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo. Lig le do shamhlaíocht (use your imagination)! 1. Déan cur síos ar an bhfile. Cén sórt duine í? 2. Cén sórt aimsire atá ann? An bhfuil sé grianmhar nó dorcha? An bhfuil sé geal nó ceomhar?
Cur i láthair
Dear póstaer faoin dán. Is féidir póstaer digiteach a chruthú freisin ar www.canva.com. Scríobh nó clóscríobh (type) na focail ar an bpóstaer. Cuir pictiúir leis.
Cuir an póstaer i láthair an ranga. Táim in ann póstaer faoin dán a dhearadh. powerful