Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh, is mise Mícheál. Tá mé i mo chónaí i dteach feirme. Is é an seomra suí an seomra is fearr liom. Is aoibhinn liom é mar tá sé an-chompordach.
Is aoibhinn liom an troscán compordach. Tá tolg amháin agus dhá chathaoir uilleacha ann. Is breá liom suí siar agus mo scíth a ligean ar an tolg. Tá teilifís, ródaire agus seinnteoir DVD sa chúinne.
Tá tinteán agus matal ollmhór ann. Bíonn sé te teolaí ar oícheanta geimhridh.
De ghnáth, léim leabhar, féachaim ar an teilifís agus téim ar líne ar m’fhón sa seomra suí.
Mar a deir an seanfhocal, ‘Níl aon tinteán mar do thinteán féin.’ furniture
sit back and relax router
warm and cosy winter nights
usually
there’s no place like home
Buntuiscint 1. Cá bhfuil Mícheál ina chónaí? 2. Cad é an seomra is fearr leis? Cén fáth? 3. Cad a deir sé faoin troscán? 4. Ainmnigh dhá phíosa troscán atá ina sheomra suí. 5. Cathain a bhíonn sé te teolaí sa seomra suí? 6. Cad a dhéanann sé sa seomra suí?
Léirthuiscint 1. Cén seanfhocal a úsáideann Mícheál? 2. Cad is brí leis an seanfhocal seo?
Cur i láthair
Cruthaigh ceithre shleamhnán faoin seomra is fearr leat ar PowerPoint nó Prezi. Bain úsáid as https://planner.roomsketcher.com chun seomra 3D a dhearadh. Cuir lipéad ar gach rud. Déan an cur i láthair os comhair an ranga.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar an seomra is fearr liom. seasca a trí 63