Léigh, éist agus scríobh Léigh agus éist leis an bpíosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Traic 11
Tá an t-óstán Null Stern suite san Eilvéis. Níl an t-óstán seo cosúil le hóstáin eile, áfach.
Níl aon bhallaí ann. Níl aon díon ann. Níl aon troscán ann ach leaba amháin, dhá thaisceadán, dhá stól agus dhá lampa. Tá sé suite amuigh faoin aer, ar bharr sléibhe, sna hAlpa. Tá radharc álainn ón leaba ar na hAlpa.
Tá leithreas ann, ach is siúlóid deich nóiméad é ón leaba! Tá buitléirí príobháideacha ann freisin agus tugann siad bricfeasta duit ar maidin.
Cé mhéad a chosnaíonn oíche amháin, meas tú? Níos mó ná €200. Ar mhaith leatsa fanacht ann?
1. Cad is ainm don óstán seo? 2. Cá bhfuil an t-óstán suite? 3. Déan cur síos ar an óstán. 4. Cá bhfuil an leithreas? 5. Cé a thugann bricfeasta duit ar maidin? 6. Cé mhéad a chosnaíonn oíche amháin san óstán?