Caibidil 5 Scríobh agus labhair Freagair na ceisteanna seo. Ansin, cuir na ceisteanna ar an duine atá in aice leat. 1. Cá bhfuil tú ag dul ar scoil?
Táim ag freastal ar _______________. 2. Cén bhliain ina bhfuil tú?
Táim sa _______________ bliain ar scoil.
3. Cé mhéad ábhar atá tú ag déanamh? Táim ag déanamh _______________ ábhar déag.
4. Cad iad na hábhair atá tú ag déanamh?
Táim ag déanamh Gaeilge, Béarla, _______________. 5. Cén t-ábhar is fearr leat? Cén fáth?
Is é/í _______________ an t-ábhar is fearr liom mar _______________. 6. An bhfuil aon ábhar ann nach maith leat?
Ní maith liom _______________ mar _______________.
7. Cé mhéad rang a bhíonn agat gach lá? Bíonn _______________ rang agam gach lá.
8. Cén t-am a thosaíonn agus a chríochnaíonn an lá scoile? Tosaíonn an lá scoile ag _______________. Críochnaíonn an lá scoile ag _______________.
9. Cén t-am a bhíonn sos agus lón agat? Bíonn sos agam ag ___________________. Bíonn lón agam ag ___________________.
10. An ndéanann tú aon rud tar éis na scoile? Uaireanta, déanaim/imrím/seinnim _______________ tar éis na scoile.
Éist agus scríobh Tá cleachtaí breise ar fáil ar www.tg4.ie/ga/foghlaim/ceachtanna/an-scoil/. Bain triail astu! Táim in ann labhairt faoi mo lá scoile. céad fiche a haon 121