Téann MAC UÍ DHROMA ar ais chuig a ghrúpa féin, agus deir cúpla focal leo go ciúin.
Tagann dreach scanraithe ar Shéamus agus ar Pheadairín. Casann MAC UÍ DHROMA i dtreo an Bhreithimh.)
MAC UÍ DHROMA: Tá na cosantóirí ag tarraingt a gcáis siar agus ag admháil go bhfuil siad ciontach, a Dhuine Uasail.
BREITHEAMH:
Gearraim fíneáil ocht gcéad euro an duine oraibh.
(Imíonn MAC UÍ DHROMA, SÉAMUS agus PEADAIRÍN as an gcúirt.
Bualadh bos mór ó na hógánaigh, liú buach, agus ardaíonn siad a gcuid bratach.
Téann SINÉAD chuig Seosamh agus tugann lámh chúnta dó lena choinneáil ar a chosa agus iad ar an mbealach amach.
Breathnaíonn SINÉAD siar ar Éamonn Beag atá ina sheasamh leis féin agus cuma an-uaigneach air.
Tugann sí comhartha dó lena cloigeann teacht leo agus ritheann sé chucu go háthasach.
Casann na gasúir uile a n-amhrán ar an mbealach amach, bratacha ar crochadh.)
Hurú! Hurú! Hurú! Cosc ar thruailliú! Deireadh le dumpáil, Deireadh le dumpáil, Fíneáil mhór inniu!
CRÍOCH
Ceisteanna 3 1. Cad a d’fhág Seosamh ar an bportach? 2. Cén fáth nach raibh Éamonn Beag ábalta an lucht dumpála a fheiceáil i gceart? 3. Cén chuma atá ar Sheosamh nuair a bhriseann sé isteach sa chúirt? 4. Cad a ghearrann an Breitheamh ar na cosantóirí?
a signal victorious roar a scared look withdrawing their case I impose a fine
Bí ag caint! Cén carachtar is fearr leat? I ngrúpa, pléigh do thuairim. Táim in ann ceisteanna a fhreagairt ar an dráma Gleann Álainn. céad daichead a seacht 147